Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)
- Suíomh:
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Ó Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- La Beáltaine
Níor mhaith leis na sean-dhaoine fadó aon deóir bhainne ná aon splanc a thabhairt amach as an teach lá Beáltaine.
Beáltaine.
Ceapaidís dhá dtagadh aon dhuien ag iarraidh braon bainne agus an bainne a thabhairt de'n duine sin nach mbeadh an t-ádh orra fhéin ná ar a gcuid ba bhainne an bliadhain sin.
Splanc
Oisdhche Bheáltaine bhí bean as Muicneach - idir - dhá Sháile Maire Ruadh a thugaidís uirthi ar a cuairt tighe Phádhraig Breathnach i Glinn-Mhara.
Ar a bealach abhaile di bhí uirthi a gabhail thar abhainn atá ag deanadh teórainn idir Cinn Mhara agus Muicneach. Thug sí léithe splanc as tighe Phádhraig Breathnach mar bhí an oidhche chomh dubh le pice agus bhí faitcíos uirthe go mbéidir go dtuitfeadh sí san abhainn. Sul má tháinig sí chomh fada leis an abhainn casadh bean ruadh uirthe. Ar ndógh ba mhaith iad an bheirt i dteannta a céile.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra hOibicín
- Inscne
- Baineann