Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)
- Suíomh:
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Ó Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitirmucadha
- XML Leathanach 010
- XML “Páidín Labhráis”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Staic d’fear leathan láidir ar a dtugtaí Páidín Labhráis a bhí sa bhfathach seo. B’as Leitir Mealláin é. Ní raibh fear ar bith i ndon cúl a chinn a thabhairt do’n talamh. Bhí sé deanta ar nós na h-aille de chnáimh agus de chroiceann leathar láidir. Bhí sé ocht gclocha déag meádhcháin. Ní raibh fear ar bith ba caoile rostaí lámh ná lorgaí cos ná é agus go deimhin ba bheag é a dhóthain beatha.
Lá amháin bhí Páidín ar an aonach in Órán Mór. Bhí sparán maith airgid aige ag teacht abhaile aige thréis a raibh díolta d’eallach aige. San am sin bhíodh gadaidheachaí i na gcomhnaidhe sa gcoill i ‘ngleann ghuirtín an airgid’ agus ní rabhadar ag leigean duine ar bith thart gan é robáil. Déirigheadar amach roimh Phádhraig an oidhche seo. “Pébrí cé atá annsin seasadh sé nó beidh a anam againn” arsa duine aca. “A mhic na caillighe Ultaigh” arsa Páidín “tiubhraidh Pádhraig Labhráis as Leitir Mealláin troid dhíbh má tá sibh dhá iarraidh”. Ar ndóigh comh luath agus chuala na gadaidheachaí ainm Pádhraig Labhráis bhíodar de léim istigh thar an gclaidhe mar bhí fhios aca go mbeidís i na gcúilín cnámh dhá bfuigheadh an fathach seo faoí na chrúba iad.Lá amháin bhí seisear fear as Leitir Mealláin ag iarraidh sail mhór (píosa ádhmaid a bhí tonna meádhchain) a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Colm Cartuir
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Ráinne
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe