Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)
- Suíomh:
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Ó Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ar chuma ar bith deirtear nar tháinig Maire go dtí an abhainn acht gur thuit sí mian marbh ar an talamh san áit ar casadh an bean Ruand léithe.
Oidhche Feile San Seáin.
Cruinnigheach muinntir gach baile le céile ins an t-sean-aimsir le teine chnámh a deanadh. Thugadh gach duine rud eicínt ag an teine i gcóir na teine chnámh. Cuiridís cnámh mór i lár na teine agus lasadh siad í. Nuair a bhíodh an teine lasta suas thóigeach siad seacht gcloch bheag an duine. Thugaidís turas ag an teine agus gach uair dhá rachadh siad tar timcheall chaitheadh siad ceann de na chlocha isteach sa teine.
Nuair a bhíodh gach rud thart agus iad réidh le gabhail abhaile thóigeadh gach duine aca splanc i na láimh agus chaitheadh sé nó sí i na garraidhe fataí fhéin í.
Bhí siad ag súil go gcuirfeadh Naomh Seán toradh ar a gcuid fataí an bhliain sin.
Baisteadh
Nuair a bhaistigheadh paíste bhíodh paidreacha(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra hOibicín
- Inscne
- Baineann