Scoil: Magh Cuilinn

Suíomh:
Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Donncha Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 209

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 209

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Magh Cuilinn
  2. XML Leathanach 209
  3. XML “Mac an Duine Uasail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Duine uasal a bhí ann agus ní raibh aige ach t-aon mac amháin. Fuair bean an duine uasail bás agus phós sé an dara huair ach súl ar phós sé cuir sé an mach isteach i n-oileán mar níor mhaith leis go bfeicheadh a bhean é.
    Bhí cailleach cearc ann agus dubhairt sí leis an leas-mháthair go raibh a leithead seo do mhach ar oileán ag an duine uasal agus go raibh sé coinnighthe ar an oileán, déunamh maitheasa air thar beadh ar mhac ar bith eile. “Budh mhaith liomsa é a fheiceáil” a deir an leas-mháthair . “Dá bhféadfainn é”. “ Dá mb’fhiú mo luach saothair é”, deir an chailleach. D’inseochainnse duit cé caoi a bhfeicthtá é”. “Céard tá tú dhá iarraidh orm?”. “Tiubhraidh mé dhuit é, má fhéadaim é fheicheál”. “Níl me ag iarraidh ort ach lán mo chaipín d'olann ”. Deir an leas- máthair, “nuair a rachaidh an t-athair amach amáireach a foghailéireacht” deir sí. “Marbhóchaidh mise coileac duit agus geobhaidh tusa ar do leabhaidh." “Fiafróchaidh sé dhiot cé chaoi bhfuil tú nuair a thiocfaidh sé isteach. Bíodh blogam fola an choilig i do bhéul agatsa agus chaith amach é nuair a rachaidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0400: The Man on a Quest for his Lost Wife
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Suibhne
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    D. Mac Suibhne
    Inscne
    Fireann
    Aois
    46
    Seoladh
    Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe