Scoil: Magh Cuilinn

Suíomh:
Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Donncha Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 207

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 207

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Magh Cuilinn
  2. XML Leathanach 207
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá ciste óir i bfolach i dTula Ciadhain. Sé an t-ainm atá ar an áit ná, "Suidheachán." Is minic a tugtar "Cat Suidheachán" ar an áit mar tá cait fiadháine ag tabhairt aire don ór. Tá an áit lán de charraigreacha. Tá an t-ór i bhfolach faoi sgeich.
    Bhí fear bocht ina chomhnaidhe i dteach bhig san bportach. Chuala sé go raibh ór faoi'n sgeich sin. Chuaidh sé go dtí an sgeach ag ceapadh go bhfuigheadh sé an t-ór. Nuair a shroich sé an sgeach shiubhal sé thart timcheall air ag féachaint cé'n áit a thosóchadh sé 'ghá lorg. Thosuigh sé ar thaobh eicínt ar chuma ar bith. Chuala sé guth ag cainnt. Séard a dubhairt an guth ná "Níl an taobh seo de'n sgeich níos fearr ná an taobh eile." Is cosamhail go raibh níos mó ná ciste amháin ann mar sin. Dubhairt an guth leis freisin, fear áirithe a thabhairt in éinfeacht leis agus gheobhfaidís an t-ór.
    Ní raibh an fear seo mór leis an bfear ar ainmnigh an guth. Thug sé fear eile leis agus thosuigheadar 'ghá lorg. Sá deireadh fuaireadar bosca. Bhí athas an domhain ortha. Nuair a d'osgladar an bosca
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Ní Chonchubhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Claídeach, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Cáit Bean Uí Charra
    Inscne
    Baineann
    Aois
    75
    Seoladh
    Baile Uí Chuirc Thoir, Co. na Gaillimhe