Scoil: Magh Cuilinn

Suíomh:
Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Donncha Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 191

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 191

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Magh Cuilinn
  2. XML Leathanach 191
  3. XML “Ainmneacha Páirceanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seo íad na h-ainmneacha atá ar gach pairc i bhfeilm m'athar:-

    Garrdha Dearg,
    sé an fath ar tugadh an t-ainm sin air ná go bhfuil créafóg buidhe no dearg ann

    Garrdaha Mhaitiaís Mhóir
    tugadh an t-anim sin air mar ba le fear darb Maitias Mór é uair amháin.

    Tugtar Garrdha Driseach ar ceann eile mar tá go leor driseach ag fás ann.

    Garrdha Mhaire Ní Fhiodhna
    a tugtar ar ceann eile mar ba le duine darb ainm Maire Ní Fhiodhna é fadó

    Tugtar Garrdha Mhaire Bhreathnach ar garrdha eile mar bhí comhnuidhe ar mhnaoí darb ainm Maire Breathnach ann uair amháin

    Garrdha Mhaire Nioclás a tugtar ar ceann eile, mar ba le duine darb ainm Maire Nioclas é sa t-sean aimsear

    Gort Buidhe an t-ainm atá ar ceann eile mar tá dath buidhe ar an gcéafóig atá ann

    Ceappach na mBratach an t-ainm atá ar cean eile mar deirtear gur ins an ngarrdha sin a d'arduigh na Normánaigh a gcuid bratachaí nuair a bhíodar le cath do cur ar na h-Eireannaigh sa t-sean aimsear
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Baile na hAille, Co. na Gaillimhe
    Bailitheoir
    M. Ó Dabhorain
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile na hAille, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    M. Ó Dabhorain