Scoil: Magh Cuilinn

Suíomh:
Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Donncha Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 163

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 163

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Magh Cuilinn
  2. XML Leathanach 163
  3. XML “Tobar Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá tobar Beannaithe i dTuáiríní i bparóiste Maigh Cuilinn. Teígann go leor daoine ar chuairt chuig an Tobar sin chuile bhliadhain. Tá altóir beag déanta suas in aice leis an tobar agus tá dealbh Muire Bheannuighthe ar an altóir. Tá crann ag fás ós cionn an Tobar agus déirtear go bhfuil an cránn sin ag tabhairt aire don tobar. Sé an t-ainm atá ar an tobar ná ‘’Tobar Mic Duabhach’’ agus bhí sé sin mar ainm ar Naomh éicínt. Tá balla deás deúnta súas thart ar an Tobar agus is Protastúnach a rinne é. Nuair a theígann na daoine ar cúairt chuig an tobar déireann siad páidreacha. Siad na páidreacha a déireann siad seacht ‘’Sé do Bheatha’’ agus ‘Ár n-athair'’ agus ‘’Glóir don Athair’’. Lasann cuid de na daoine coinneal agus cuireann siad ós comhair an tobair iad le h-onóir a thabhairt don Naomh beannuighte a bhí ann. Is ar an t-ochtmhadh lá fichead de Dheire Foghmhair a théigann na daoine ar cúairt chuig an tobar. Níl aon uísge ins an tobar anois ach, níl sé ach tamall gearr ó thríomuigh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Domhnall Ó Maoilchiaráin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Claídeach, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Maighread Bean Uí Mhaoilchiaráin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    65
    Seoladh
    Claídeach, Co. na Gaillimhe