Scoil: Magh Cuilinn

Suíomh:
Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Donncha Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 200

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 200

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Magh Cuilinn
  2. XML Leathanach 200
  3. XML “Ráth”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    lánamháin nua tar-eis pósadh in Anac Chúan agus bhí na 'daoine maithe' chun an cailín a thabhairt leo. Dúbhairt an fear anois go mbeadh sé féin in einfheacht leó. Tugadar sup dhó annsin agus chuaid sé ag marcaidheacht air. Níor bfada go rabhadar uile ar a h-aistear. Nuair a shroic siad an áit chúadar i bfollach ins na rataí. Annsin tóg ceann acu píosa de théad agus ceangal sé dúbhán-alla ar annsin leig an cailín sráoth aistí acht níor dhubhairt duine tada leig sí an dara sráoth agus núair a leig sé an treas sráoth bhí na sídheóga chun an cailín a thabhairt leo act dúbhairt an fear ' Dia is Muire leat' Caith na 'daoine Maithe' an fear síos i measc na ndáoine gur béigin do siúbhal abaile in ionad marcuidheact a fhághail ar sup.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. áiteanna osnádúrtha agus spioradálta (~158)
        1. ráthanna (~5,616)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tadhg Ó Réagáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Droim Chonga, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Thomás Ó Bháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    An Garrán, Co. na Gaillimhe