Scoil: Sgoil Mhuire (An Clochar)
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. Maelsheachlainn Seoighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal
“Bhí gabha ann aon uair amhain. Ní raibh tada ag déanamh imnidhe dhó acht airgead. Bhíodh sé amuigh ar cuairt chuile oidche.”
Sean-SgéalBhí gabha ann aon úair amháin. Ní raibh tada ag déanamh imnidhe dhó acht airgead. Bhíodh sé amuigh ar cuairt chuile oidhche. Aon oidhche amháin chuala sé sean-fear ag rádh go raibh éan tongantach [!] ag imtheacht thart timhcheall coille in aice leób agus duine ar bith a bhéarfeadh ar an éan agus a bhruidhfeadh é agus a sgámhóga a ithe bheadh píosa óir faoi na cheann gach maidin nuair a eireóchad sé. Bhí an fear bocht amuigh ó mhaidin go tráthnona ag faire ar an éan acht sa deireadh fuair sé í. Nuair a d'éirigh sé ar maidin lár na bháireach fuair sé píosa óir faoi na cheann. Ní fada go raibh sé chomh saidhbhear is go raibh sé in ann teach agus talamh a cheannacht dó féin. Mhair sé go suaimhneach go ceann tamaill. In(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Mach Flanncada
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Sián, Co. na Gaillimhe