Scoil: Sgoil Mhuire (An Clochar)
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. Maelsheachlainn Seoighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean-Sgéal - An fear a díol a bhean.Bhí feilméar ann aon uair amháin. Pós sé bhean as an mbaile mór agus d'éirigh leó a bheith an t- saidhbhir. Bhí go leór stuich aca agus bhíodar ag dul ar aghaidh go mhaith. Ní raibh muirghín ar bith orra. Gach maidin d'eirigheadh an feilmear go h-an mhoch ag breathnughadh ar a cuid stuich. Maidin amháin dhá raibh sé ag breathnughadh orra. "Casadh fear leis agus d'fhiafruigh sé de, "Cé aca a b'fhearr leis, a bheith saidhbhir i dtús a shaoghail ná ar deireadh níor fhreagair an feilmhéar é, mar ní raibh fhios aige céard a déarfhadh sé.
Nuair a chuaidh an feilméar abhaile, d'innis sé an sgéal dhá mhnaoí, agus dubhairt sise go m'éasga an ceist í sin a fhreagairt." Nach bhfuil fhios agat go mhaith." ar sise." go mb'fheárr dhuit a bheith saidhbhir in ndheireadh do shaoghail ná ar a tús, an fhaid is a tháir óg in dhon(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Churraidhín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe