Scoil: Sgoil Mhuire (An Clochar)
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. Maelsheachlainn Seoighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1
Ag siubhal cois leasa dhom i mí na Bealtaine
Ar bheagán fánn diom mar gheall ar mnaoí
Bhí in oidhche dorca , agus é ag teacht chun báistighe
Is bhí sí an tráth sin ar úair méan-oidhche2
Tháinic faithchíos orm, crith agus eagla.
Agus nídh nach náireach dom do gheit mo chroidhe
Nuair a chonnaic mise an fear gan snáth air
Agus a dhá laim tairnighthe ar chúl a chinn3
Bhí buadh beag eile agam le congramh an Áird-Ríogh
Mé a ligint slán agus gan a dhul taobh thiar
Chuir mé ceist air as ucht mo Dé.4
"An tusa Hercules nó Goll Mach Mórna?
Nó an raibh tú cómhairighthe ar na h-Aonta Fionn?"
Ní mise Hercules na Goll Mach Mórna(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Loideain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Seanadh Mhóinín, Co. na Gaillimhe