Scoil: Sgoil Mhuire (An Clochar)
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. Maelsheachlainn Seoighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal (ar lean)
“Bhí gabha ann aon uair amhain. Ní raibh tada ag déanamh imnidhe dhó acht airgead. Bhíodh sé amuigh ar cuairt chuile oidche.”
(ar lean ón leathanach roimhe)a dhiaidh sin agus annsin phós sé féin agus cailín as Connamara. Bhíodar go sásta leób féin ar feadh tamaill acht aon mhaidin amháin nuair a d'eirigh an fear rinne sé dearmad an píosa oir a thógáil ó na cheann mar a dhéanadh sé gach maidin eile agus nuair a bhí an bean ag déanamh an leaba fuair sí an píosa óir fá na cheann agus bhí ann iongnadh uirthí. Bhí sí ag faire ar gach maidin in a dhiaidh sin ag féachaint a dtiubhradh sé an píosa óir ón na cheann agus thug. Cheap sí gléas chun deireadh a chur leis an bhfear nó go mbeadh an t-ór aice féin. Maidin lár na bhaireach nuair a bhí an fear ag ithe a brichfeasta chuir sí nimh ins an tae agus annsin cailleadh an fear bocht. Shíl an bhean go raibh léithe go mbeadh píosa óir aice gach maidin nuair a d'eireochaidh sí acht fuair sí í féin meallta. Ní bhfuair sí tada acht fá cheann tamaill in a dhiaidh sin cailleadh i leis an ochras mar nach raibh fhios aice cá raibh an t-ór i(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Mach Flanncada
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Sián, Co. na Gaillimhe