Scoil: An Bán Mór (uimhir rolla 9069)

Suíomh:
An Bán Mór, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Liam Ó Mainnín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 044

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 044

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bán Mór
  2. XML Leathanach 044
  3. XML “Áitainmneacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Tá cnoc thoir i gcnoc túádh agus "Cno Túadh" a tugtar air mar bhí cath mór millteach ann agus bhí na daoine ag troid le túathanna. Tá poll síos i lár an cnuic agus "Poll an Taidhbhse a tugtar air, mar tá teach mór ar bárr an cnuic, agus uaireannta tugtar "Teach mór an Cruic" air.
    Cnocán Dráidhneán cnoc eile atá thiar i cCluain Biggín mar bhí sgeacha dráidhneán ag fás ann. Deirtear go bhfuil sídheóga ina chómhnuighe ann.
    Cnocán na gCearc a tugtar ar cnocán eile thoir i gCnoc Túadh mar bíodh cearca an baile cruinnighthe ann.
    Guirtín a' Gheata a tugtar ar gorth suas in aice le Leacht Seóirse mar tá geata beag i gceann dhe.
    Tá páirc eile freisin idir Gortadubha agus idir riasc Cluan Biggin agus tugtar "Ceann an Garraidhe" air, mar sul a ndéarnamh na mútaí ná na claidhe bhí garraidhe mór annsin agus tá sé roinnte suas i feirmeacha anois agus tugtar Ceann an Garraidhe air anois.
    Tá gort eile freisin suas inaice Leacht Seóirse agus tugtar an t-ainm seo air "Gort an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Gort an Dúigh, Co. na Gaillimhe
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Ghloinn
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gort an Dúigh, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Mícheal Mag Ghloinn
    Inscne
    Fireann
    Aois
    48
    Seoladh
    Gort an Dúigh, Co. na Gaillimhe