Scoil: An Bán Mór (uimhir rolla 9069)

Suíomh:
An Bán Mór, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Liam Ó Mainnín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 009

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 009

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bán Mór
  2. XML Leathanach 009
  3. XML “Scéal ar Phota Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear de na Ó'Concubhair ina comhnuidhe, bparáiste Anach Cúan, lios and Oráinn. Thainig neach ag an bfuinneóg san oidhche agus é ina codhladh. Dubhairt sé (an beach) leis dá dtreighead sé amach go Condae an Chláir, bí droichead ann agus gheobfad sé pota óir ó fear annsin ar an droichead.
    Nuair a deirigh sé ar maidin bhí sé dáinnseacht dá bhean.
    Ní raibh fhios aige an ag briongloid a bhí sé no an fear a bhí ag cainnt leis, ach ar son nós d'imigh sé amach go Condae an Chláir. Bhí sé amuigh ann annsin le cotaraí an trathnona. Bhí sé amuigh ag suibhal siar is aniar leis an droichead go raibh sé deireanach. Ní fhaca sé an fear ann.
    Bhí teach ag tailluir in aice an droichid. Bhí an taillúir ag feachaint ar an bfear ag suibhal. Chuaidh sé amach. D'iarraidh sé de'n fear ceard a bhí sé a déanamh ann. "Bhí mé ag briongloidigh aréir" a deir an fear "dá dteighfinn amach annseo go bfuighfinn pota óir". "Go bfeachaid dia ort" a deir an tailluír. Tá mise ag brionglóidigh le blian dá dteighfinn go Anach Chuan go bhfuighfinn pota óir faoi sgeach i mbaile a dtugann siad lios an Orainn air istigh i ngort fear de na Ó'Conchubhair. Chuaigh an fear isteach in éinfeachtleis an tailluír. D'fhan sé annsin go maidin. Tháinig sé abhaile ar maidin. Bhí sé sa mbaile sa trathnona agus bhí sé ag innseacht dá bhean faoi na rudaí a tharla. Nuair a deirigh sé ar maidin chuaidh sé amach sa ngarrdha ag romhar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Innéacs seanscéalta
    AT1645: The Treasure at Home
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál de Faoite
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Eochaill, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán de Búrca
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    Áth an Chloigín, Co. na Gaillimhe