School: An Bán Mór (roll number 9069)

Location:
An Bán Mór, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Liam Ó Mainnín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 019

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 019

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Bán Mór
  2. XML Page 019
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé pósta. An bhean a phós sé bhí sí tar éis teacht ó Ameriocá agus ní raibhaithne ar bith aige uirthi. Theigeadh an bhean ar an gcéad Aifrinn gach domhnach agus an fear ar an dara Aifrinn. Bhíodh trioblóid eicínt ar chroidhe an fhir gach domhnach. Bhíodh an dinnéar réidh gach domhnach nuair a thagadh sé abhaile, ach mar sin féin bhíodh an trioblóid ar a chroidhe gach domhnach. Dubhairt an fear leis féin go bhfanfadh sé i bhfolach amuigh san sgioból an domhnach ina dhiaidh sin. Nuair a tháinig an domhnach chuir sé a éadaigh nua air agus d'imigh sé amach agus bhí an bean cinnte go raibh sé ag dul un an dara Aifrinn. D'fhan sé go ciún amuigh san sgioból agus é ag éisteacht. Fó dheireadh chuala sé an cainnt istigh san teach. Bhí an bhéan pósta cheana ach ní raibh fhios ag an bhfear seo é ar chor ar bith. Shiubhal sé isteach as an sgioból go ciún agus bhí an fear eile ag ithe a dhinnéar istigh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Folktales index
    AT1360B: Flight of the Woman and her Lover from the Stable
    Language
    Irish
    Collector
    Liam Ó Murchadha
    Gender
    Male
    Address
    Lios Ceanannáin, Co. na Gaillimhe
    Informant
    Seán Ó Choilleáin
    Gender
    Male
    Age
    73
    Address
    Lios Ceanannáin, Co. na Gaillimhe