Scoil: Cill Cruain (C) (uimhir rolla 11187)
- Suíomh:
- An Baile Glas Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Brighid Ní Náradaigh Cáit Bean Uí Standúin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Cruain (C)
- XML Leathanach 270
- XML “Nósanna Pósta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mbíonn mí ádh orra. Acht sa bhfuigheadh siad airgheadh an domhain ní phósfadh siad Dia Sathairn már deirtear go mbíonn droch ádh ar an mbeirt a pósanns Dia Sathairn. Tá nós aca sálann a chur ar gach cáilin a bhíonns aosta taréis na h-inide chun go mbéad sí óg an bliadhain dár gcionn.In ár gceanntar nuair bhíonns faoí beirt pósadh, bíonn aithne aca ar a chéile bliadhain nó már sin roimh an bpósadh. Sochruigheann siad gach doibh féin agus má bhíonn athair an cáilín sásta an cáilin a thabhairt do'n fhear sochruigheann sé an t-spré agys infhuicheann sé talamh an fhír chun fhághail amach cé meid achra aige agus cé'n soirt talamh e. Annsin sochruigheann siad lá an phósadh.An lá in a dhiaid sin ghéibheann fear na báinnse litir ó'n Sagart agus an lá sin cheannuigeann sé an fáinne óir. An oidche sin ullmhuigheann siad suipéar ag teach an cailín. Bíonn cáirdí na mbeirte ann agus na comharsain is fearr leo. Bíonn gach sórt céoil ann agus na cailíní agus na buachaillí ag damhsad. Nuair éirigeann siad tuirseach bíonn féasta mór aca.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní hEigcheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Coill Salach, Co. na Gaillimhe