Scoil: Baile Nua (B) (uimhir rolla 9607)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Peadar P. Mac Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua (B)
- XML Leathanach 029
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Glan sé a béil leis an túbhail agus thug sé bráon eile de'n buidéal dí. Rinne sí sré agus caith sí amach cut eile. Glan sé a béil aris agus thug sé b[r]áon eile dí. Rinne sí sré agus caith sí amach cut eile agus glan sé a béil arís. Déirigh sí súas annsin agus rinne sí scairt gáire. Chúaidh sé annsin agus bhain sé an glas de'n doras. Dúbhairt sé annsin leis an t-athair teacht isteach agus tháinigh sé anúas. Sin é anois do t-ingeann agus í níos fearr. Tá sí níos fearr ars an t-athair agus ní bhfágaidh tú an séomra go gcuireadh mise fios ar an t-sagairt agus go pósaidh tú í. Ní feidir leat áit níos fearr a fhághail ná mar a tá tú gá fhághail. Tháinigh an sagart agus posadh íad. Tá sin agat do pheaca gadhair agus do chuid chapaill. Lean síad den spórt ag ól agus ag ithe ar feadh tamall. D íarr sé ar an "Lady" eá fhad annseo é. Beid tú annseo blíadhain athrú a máireac. A deir sé tá h-áon leas dearbathár déag eile agam. Tá orm bheith ag imteacht anois mar chuir mé gealladh iad a meetéal ag ceann lá agus blíadhain. Mas é sin é ars an duine uasal tabhar leat do h-áon chapall déag agus do cheann féin agus na h-áon colaidh éadaig déag agus do cheann féin agus sin agat do pheaca gadhair. Dimtigh leis go dtáinigh sé chuig an cros bhóthair. Ní raibh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Catháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Lios an Uisce, Co. na Gaillimhe