Scoil: Baile Nua (B) (uimhir rolla 9607)

Suíomh:
An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Peadar P. Mac Conchoille
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 066

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 066

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua (B)
  2. XML Leathanach 066
  3. XML “Na Táilliúirí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl ach triúr tailliúir sa paróiste seo anois ach bhí uair ann agus bhí níos mó aca ann. Bhí triúr no ceathrar díóbh i muillin Máighin ag muilteóir darbh ainm Dómhnaill Ó Feargail. Gnící gach saghas éadaigh olna san muilleann sin. Le cumhacht uisce cuirthí an muilleann sin ag obair.
    An t-am sin théigheadh na táilliúirí thart ó theach go teach ag déanamh cultacha do mhuinntir an tight. Cóta bréidín agus bríste córd a bhíodh gá chaitheamh aca agus bhíodh báinín gá chaitheamh ag gach fear agus malreach fear freisin. Ní bhíodh cultacha le fágháil ins na siopa mar atá anois ach ceanneóchaidís an bréidín agus an córd agus gníodh na táilliúirí chulaithe de. Ní chaithfidh na buachaillí oga bríste go dtí go mbíodh siad deich bliadhna nó mar sin.
    Cuirtí lín sa pharóiste seo an t-am sin agus gníodh na fighadóirí lín éadaigh de. Bhí beirt
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge