Scoil: Baile Nua (B) (uimhir rolla 9607)

Suíomh:
An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Peadar P. Mac Conchoille
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 025

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 025

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua (B)
  2. XML Leathanach 025
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí beirt shúas i gcathair na Glaise fadó agus fado do bhí. Bhí síadh pósta agus bhí áon duine déag dé chlann mhac acu. Ní raibh céo ar bith acu acht ag obair ag an Teach Mhór. Cailleadh an mháthair agus bhí sé ag déanamh a dhíchill a dtógáil. Pósadh arís é le bantreach a bhí san áit. Bhí aici sin mac faoí cheann blíadhna agus bhí na h-aon clann déag eile in a beallach orthai. Núair a thagadh an t-athair abhaile san trathnóna beadh síadh ag déanamh gach rud as an mbeallach orthí. Dúbhairt sí leis go n-imtigeóch sí uaidh ar fada muna a gcuireadh sé ar bheallaigh na clann eile acht a mac féin. Céard déanaidh mé lofa ars an t-athair. Inseóchaidh mise dhuit a deir sí, cuir soir san áithe iad ag crúachadh cúpla buitheann coirce, Núair a gheobhaidh tú ann iad bhúail glas ar an doras agus dóghadh iad. Dúbhairt an t-athair le lofa ar maidin deifir a déanamh abhaile sa trathnóna. Rinne síad an t-an deifir abhaile agus t-an ríomad ortha chun dul chuig an áithe. San trathnóna dúbhairt an leas dearbhathár go rachadh sé féin in éinfeacht leo. Dubairt an mháthair nach racadh agus dúbhairt sé le na mháthair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0613: The Two Travelers (Truth and Falsehood)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Catháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    Lios an Uisce, Co. na Gaillimhe