Scoil: Eoghanacht (uimhir rolla 12342)
- Suíomh:
- Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Flannagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eoghanacht
- XML Leathanach 066
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)beaga as poll atá lán le clocha beaga i lár leac na h-altóra agus teigheann sé timcheall seacht nuaire ar an altóir. Deireann sé "Ár n-Athair" agus trí "Sé do Bheatha a Mhuire" gach uair agus nuair bheas timcheall déanta aige caitheann sé cloch isteach sa bpoll atá san altóir agus mar sin chuile thimcheall go mbeidh an turas deanta aige. Ísligheann sé ar a ghlúnaibh annsin arís agus abruigheann sé cupla paidir eile. Bíonn an turas déanta annsin.
Bíonn an fhairrge ag teacht aníos ag an tobar nuair bhíonn sé na lán mhara agus dá bhrígh sin tá duirling mhór le hais an tobair. Tá leach síos ar agaidh an tobair sa snámh mara agus tá pictiúr gearrtha síos ínnte agus deireann na sean daoine gurb é pictiúr ColmCille é agus tá a cholainn uilig le feiceál go soiléar ann.
Deirtear gur annseo a tháinic sé i dtír nuair tháinic sé go h-Árainn.- Bailitheoir
- Máire Ní Dhioráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Sruthán, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Peige Ni Dhioráin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 61
- Seoladh
- Bun Gabhla, Co. na Gaillimhe