Scoil: Eoghanacht (uimhir rolla 12342)

Suíomh:
Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Ó Flannagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002, Leathanach 065

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002, Leathanach 065

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Eoghanacht
  2. XML Leathanach 065
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bhliadhain ar Meitheamh 9adh lá. Ceaptar gurb é an tobar is beannuighthe in Árainn é. Tá sé tuairim céad go leith slat no níos mó taobh thoir de theach scoile Chill Éinde ó dheas den bóthar agus tá róidín ag dul isteach go dtí é. Tá an tobar ar ulán atá i lár aille mhóire atá le hais na fairrge. Teigheann chuile dhuine ar a ghlúnaibh ag an tobar agus deireann sé paidreacha ar bith is maith leis. Annsin ólann sé trí bhlogam den uisce agus tugann cuid de na daoinibh buidéal den uisce atá ann abhaile, agus briseann cuid eile cloch bheag as an aill le taobh an tobair agus tugann siad leó é. Áit ar bith a mbead pian ná anshógh ar dhuine bhead na daoine ag ceapadh go mbeadh leigheas san uisce no sa gcloch acht é chuimilt den áit a mbeadh an tansógh. Tar éis a bheith reidh ag an tobar teidheann na daoine siar ag altóir atá tuiarim leath céad slat ón tobar agus is annseo a thugann siad an turas. Is altóir cloiche é agus tá leac na seasamh air atá déanta i bhfuirm croise agus tá "Naomh ColmCille" scríobhtha ar an gcloich. Is ar árdán atá an altóir déanta agus níor mhór do dhuine a bheith cúramach nuair bhíos sé ag tabhairt an turais ar fhaithcíos a dtuitfeadh sé síos. Teigheann chuile dhuine ar a ghlúnaibh ar dtús ag an altóir agus deireann sé cupla paidir. Annsin tógann sé seacht gclocha
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Dhioráin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    16
    Seoladh
    Sruthán, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Peige Ni Dhioráin
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    61
    Seoladh
    Bun Gabhla, Co. na Gaillimhe