Scoil: Eoghanacht (uimhir rolla 12342)

Suíomh:
Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Ó Flannagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002, Leathanach 029

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002, Leathanach 029

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Eoghanacht
  2. XML Leathanach 029
  3. XML “Gadracha Maoil”
  4. XML “Bailiú Beag de Sheanfhocla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ó Sheáinín Tam ODireáin (feach leath 15) a fuair Micheál O Flannagáin 14. An Sruthán, an t-eólas seo thuas.
    Bailiú beag de Shean Focla.
    1. Is maith í an fhoighid acht is dona í an faillighe.
    2. Beirt ag troid agus iad ar aon sgéal
    3. Is furasta filleadh ar cheann carad.
    4. Fear fada fuar folamh.
    5. Seachain teach an óil nó is bairnigh do bheatha.
    6. Ná caith an t-uisce salach amach go dtiocfhaidh an t-uisce glan isteach.
    7. Céard a dhéanfad mac an chuit acht luch a mharbhú.
    8. Castar na daoine ar a chéile acht ní chastar na cnuic ná na sléibhte.
    9. Leanann bó a dúthchais.
    10. I ndiaidh an tairbhe a bhíos an grádh.
    11. Ní lá dhá fhaid nach dtagann an trathnóna.
    12. Da fhaid dá mbíonn an crúsca ag dul ag an tobar bristear é ar deireadh.
    13. Tiocfaidh lá fós a mbeidh 'na léine.
    14. Moladh na máthar ar a h-inghean
    15. Itheann na muca ciún biadh
    16. Na dhiaidh a feictear a leas don Éireannach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge