Scoil: Eoghanacht (uimhir rolla 12342)

Suíomh:
Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Ó Flannagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002, Leathanach 003

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002, Leathanach 003

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Eoghanacht
  2. XML Leathanach 003
  3. XML “Tiarna Bhinn Éadain”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tighearna Bhínn Éadainn
    Bhí fear ann fadó agus bhí sé 'na Thíghearna ar Bhínn Éadainn. Aon lá amháin bhí sé ag bailiú cíosa agus chonnaic sé bean óg ag dul treasna na sráide. Chuaidh sí isteach i dteach agus lean seisean í agus bhí gréasaidhe istigh ann agus é ag déanamh bróg. D'fhiafruigh sé dhe a dtáinig aon bean óg isteach le gairid agus dúbhairt seisean go dtáinig. "Cá bhfuil sí" ar sé. "Tá séi thiar sa seomra" arsa an gréasuidhe. "Glaoidh aniar uirthe" ars an Tighearna. Ghlaoidh agus d'fhiafruigh an Tíghearna dé a bpósfhadh sí é féin agus dúbhairt sise go bpósfadh. "Bhfuil aon cheird agat" arsa an gréasaidhe. "Níl" ar seisean. "Mara bhfuil" arsa an gréasaidhe, ní thiubharfhaidh mise m'inghean duit acht imthigh leat agus faigh céird éigin" ar sé. D'imthigh leis agus chuaidh sé isteach i dteach agus bhí fir istigh ann ag déanamh roilleáin agus bhí duine ag teastáil uatha. Thosaigh sé ag fóghluim le roilleáin a dhéanamh agus badh ghearr gurbh é an fear dob fhearr é gá ndéanamh. Andsin tháinig sé go dtí an gréasaidhe arís agus d'fhiafruigh seisean de an raibh aon cheird aige agus dúbhairt seisean go raibh. "Cén sórt ceirt atá agat" adeir an gréasaidhe. "Tá mé ar an bhfear is fearr sa domhan ag déanamh roilleán" ar seisean. "Is ceirt mhaith í" arsa an gréasaidhe. "Is féidir leat m'inghean a phósadh anois" agus phós. Bhé bainfheis air a chaith seacht n-oíchche agus seacht lá ar bun agus nuair a bhí sin thart d'fhág Tíghearna Bhínn Éadainn agus a bhean slán ag an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Fhlannagáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Faisnéiseoir
    Pádhraic Uí Mhaoláin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Eoghanacht, Co. na Gaillimhe