Scoil: Eoghanacht (uimhir rolla 12342)

Suíomh:
Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Ó Flannagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002, Leathanach 044

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002, Leathanach 044

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Eoghanacht
  2. XML Leathanach 044
  3. XML “Bailiú Beag de Sheanfhoclaibh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bailiú beag de Sean Fhoclaibh.
    (1) Níl grádh dá mhéad nach dtagann fuath dá réir.
    (2) Leigeann béal na h-uaighe rud ag béal na truaighe.
    (3) Luaidhtear na ceadhta le chéile nach bpósann go bráthac.
    (4) An sgian is géire feannadh sí.
    (5) Níl aon fhear a bhfuil a bhuilín aige nach bfuighidh sgian le 'na ghearradh.
    (6) An rud is mil do dhuine is nimh do dhuine eile é.
    (7) Nuair a theigheas teine leis an gcloich caithfidh sé pléasgadh.
    (8) Is fearr an troid ná an t'uaigneas.
    (9) Ní d'en amhras an céad ???
    (10) Ní h-eolas go h-aontigheas.
    (11) Tuinnte fada na h-óinsíghe.
    (12) Bíonn an sonas i ndiaidh na sraoile.
    (13) Is furasta buille mhór a bhualadh ar an talaimh.
    (14) Ní fuide gob an ghé ná gob an ghanndail.
    (15) D'aithneóchtha sgríob thar tochas.
    (16) Ní airigheann súthac sáthac, anshóghach ocrach.
    (17) Is fearr sgíth gearr ná seasamh fada.
    (18) Nuair a bhíos an cat amuigh bíonn na luchain istig.
    (19) An té nach raibh aige acht a láimh is mairg a chaill a chos.
    (20) Na tuille dá méad nach gcaitheann sé an oiread.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Fhlannagáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    Eoghanacht, Co. na Gaillimhe