Scoil: Eoghanacht (uimhir rolla 12342)
- Suíomh:
- Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Flannagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eoghanacht
- XML Leathanach 061
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Toibreacha Beannuighthe.
Tá go leór toibreacha beannuighthe ar an oileán seo acht ní tugtar cuairt ar bith anois ar chuid aca. Tá roinnt toibreacha sa gceann se den oileán acht ní tugtar aon chuairt ar cheachtar aca anois. Tá "Tobar na Caillighe", "Tobar an Spioraid Naoimh", agus "Tobar Bhreacáin" sa mbaile seo Eóghanacht. Tá "Tobar na Caillighe" ar chreig ó dheas den bhóthar timcheall céad slat taobh thoir de theach scoile Eóghanacht agus tá róidín ag dul suas go dtí é timcheall céad go leith slat no mar sin. Poll beag cruinn síos i nulán atá ann agus bíonn uisge ann i gcomhnuidhe. Ní thriomuigheann sé is cuma cén triomach a bhead ann. Is ar éigin a tugtar cuairt ar bith anois air acht bhítí ag tabhairt cuairt air go minic fadó. Ní bhíodh turas ar bith le tabhairt timcheall air acht bhíod roinnt paidreache le rádh. Bhíod daoine ag ceapadh go mbíod leigheas ann le tinneas áithrid ar nós tinneas cín agus rudai eile. Dfágadh chuild dhuine bronntanas beag na dhiaidh ag an tobar ar nós pighneacha, cnaipí, bioráin brothlaigh agus rudaí eile. Dia Domhnaigh is ionnduala a tugtai cuairt air mar bhíod go leór doaine nach mbíod ag an aifreann agus badh mhaith leó cupla paidir a rádh in áit eicint.
Tá "Tobar an Spioraid Naomh" istigh sa(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dhioráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Sruthán, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Peige Ni Dhioráin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 61
- Seoladh
- Bun Gabhla, Co. na Gaillimhe