Scoil: Eoghanacht (uimhir rolla 12342)
- Suíomh:
- Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Flannagáin

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002, Leathanach 027
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eoghanacht
- XML Leathanach 027
- XML “Gadracha Maoil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Gadracha Maoil.
Chuile dhuine a bhíodh ag feamainniú le capall fadó bhíodh gad maol aige. Rópa timceáll orlach is ceathrama é an gad maoil déanta de fíonach chapaill. Fíonach as iorball nó as muing an chapaill, acht b'feárr fíonach bhromaigh ná fionach sean-chapaill. Bhíodh an gad maoil ceangailte ar áis an chléibh agus tugtar suas agus treasna an ualaigh feamuinne é, agus ceangailtí i dtosach an chléibh eile é ar phíosa de mhaide ar a dtugtar "staic" no "fiacail" le é fháisgeadh. Ní dhéanfhadh rópa ar bith eile an gnó mar nuair ghabhfhadh ramallaigh na feamuinne ar an fópa níorbh féidir aon ghréim a coingbheál air le é fháisgeadh agus nór b'fhéidir é scaoilieadh arís. D'imtheochadh an fheamainn amach ó rópa ar bith eile freisin go mhór mhór nuair bhead feamainn sleamhain ann tar éis a bheith dó nó trí de laethantaibh sa gcladach.
Sé an chaoi a leigtí an gad maol mar leigtí súgáin acht gur casadh tuaithbheal a déantai ar dtús; annsin nuair cheapfaidhe go raibh an ghad mhaoil sáthach fada, déanfaidhe búrla amháin de agus tarraingtí faoi chosaibh duine é agus chuirtí a cheann sa gcorr arís agus déantai é casadh deiseal. Bhíodh naoi bhfead sa ngad maol ar dtús sa gcéad leigint; Déantai dhá leith de seo annsin agus castai ar a chéile iad sin. Déantaí trí chuid de annsin agus cuirtí na trí dual 'un a chéile(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Ó Flannagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Creig an Chéirín, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seáinín Taim Ó Direáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 66
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Creig an Chéirín, Co. na Gaillimhe