Scoil: Eoghanacht (uimhir rolla 12342)
- Suíomh:
- Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Flannagáin

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002, Leathanach 030
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eoghanacht
- XML Leathanach 030
- XML “Béaloideas a Bhaineas le Olainn, Sníomhachán, Cardáil srl.”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Béal-Oideas a bhaineas lé olainn, sníomhacán cárdáil srl.
Fadó sa saoghal nuair a bhíodh caoí dhá chur ar olainn, bhíodh a mbíodh sa teach de cailínibh ag áirneán. Ar dtús caithtí an olainn a nígheachán agus í thiormú. Annsin spíontaoí í agus chuirtí ar cómhlaí móra í. Atus scaiptí amach í agus cuirtí bealadh innte. Dhéanfadh sé seo bog í agus éasga ar í a sníomh. Déantaoí an méid sin léithe ar feadh an lae agus annsin dhéantaí an chuid eile de san oidhche. Nuair a bhíodh sé na oidhche go maith thosuigheadh duine de na gcarrcailibh nó beirt amannta dhá chárdáil seo agus ag déanamh roiléarí caola de. Is lé cárlaí a dhéantaoí é seo. Sén rud é cárla ná píosa ádhmuid tímceall naoí n'orlaighe ar fad agus cois tímcheall leath troigh as. Bíonn sé lán lé fiacla beaga taobh istigh agus na fiacla seo tímcheall leath orlach ar fad agus bárr géar ortha. Oibríghtear iad lé péire aca agus (péire) píosa beag olainne istigh eattorra agus a bheith dhá dtarraingt síos suas ar an olainn. duine amháin a oibrígheann iad. Is iomdha cineál flannín a bhíodh ann fadó agus a bhíos ann i gcómhnuidhe acht ní h-ionann an caoí a n'oibríghtear iad anois agus an uair sin. Bíonn flannín bán, flannín glas nó dathnac, flannín gorm, agus "Birds Eye" mar thugtar air agus Flainnín eile ar a dtugtar "Fígheachán Cnáimh an Sgadáin" air. Is iomdha rud a dhéantaoí leis(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Dhioráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Sruthán, Co. na Gaillimhe