Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar i gCárna
- XML Leathanach 421
- XML “An Drochshaol”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Le linn an droch-shaoghail sa mbliain 1845 cailleadh go leor daoine in mo cheanntar. Tá go leor díobh curtha sna sléibhte agus sna garrantaí. Is iomdha áit in mo cheanntar a bhfuil daoine curtha ann. Tá áit i Ruisín na Manach a dtugtar an 'Caorán air. Áit mhór is eadh é. Faoi sin tá daoine curtha a cailleadh ins an droch-shaoghal. Fadó na daoine a bhfuigheadh bás ní chuirtí i Roilig ar bith iad ach corr-dhuine. Is amhlaidh a chuirtí connradh ortha agus iad a chur sna garrantaí agus amanta eile ní chuirtí connradh ar bith ortha mar gheall is nach raibh luach na gclár ag na daoine. Is leis an droch-shaoghal a cailleadh na daoine.
Nuair a loit na fataí ní raibh aon bhaidh aca le n-ithe agus ní raibh siad indan an plúr a cheannach.
Bhí bliain eile ann ar a dtugtar 'Nineteen an tae dubh'. Sé an fáth a dtugtar an bhliain sin air mar ní raibh aon bhainne ag na beithidhigh nuair nach raibh an féar ann. Chaitheadh na daoine tae dubh a ól agus ó shoin amach tugtar 'Nineteen an tae dubh' air. In ionad an bhainne chuireadh na daoine min-choirce tríd an tae. An min-choirce a bhruith agus annsin é chur tríd an tae. Nuair a bhí na fataí ag fás tháinig an dubh ortha agus nuair a bhíodh siad ins na poill lobhadh siad. Bhíodh na daoine ag iarraidh fataí a choinneáil le h-aghaidh an chéad bhliain eile agus b'éigin dóibh iad a chur isteach sna tighthe. Nuair a theip ar na fataí b'éigin do mhuinntir na h-áite imtheacht go h-áiteacha eile.- Bailitheoir
- Bairbre Ní Liodáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Roisín na Mainiach, Co. na Gaillimhe