Scoil: Cashel (uimhir rolla 11358)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: P. Ó Lochlainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cashel
- XML Leathanach 163
- XML “Bóithre an Cheantair seo”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tá sgéal faoi fear agus bhean bhí ag tigheacht ó Clochán lá agus chonnaiceadar duine ag rith 'na ndiaidh agus shileadar gur gaduighe bhí ann, tosuigheadar ag rith ach chomh tapaidh is bhíodar ag rith bhí sé chomh tapaidh leo. Nuair tháinic siad ag Teombeóla siubhaladar go réidh dubhradar da mba gaduidhe bhí ann nach leanfadh sé níos fuide iad. Níor airigheadar ariamh gur tháinic an duine suas leo agus cé bhí ann acht brathar agus 'eisean ag rith ó na gáduidhe é féin. "Ní faitchíos roimh na daoinibh marbh atá orm" dubhairt sé " ach roimh na daoinibh beo.
Tá na bóithre poblachta déanta ós cionn trí scór go leith bliana. Bhí fir agus mná ag obair ortha. Min-bhuidhe an páighe a gheibidís i dtosach ach nuair a tháinic plúr ó Mheiriocá fuaireadar airgead ionnus go bfeadhfadh siad é a cheannacht. Nuair bhí an bóthar ó Bhaile na h-Inse go Cloch na Róin 'ghá dheanamh bhí daoin ó Bun na h-Abhann agus Inis Leacain ag obair ann agus 'sé an chaoi a déanaidís cúpla botháin ar thaobh an bóthair nuair bheadh siad ag tigheacht ag obair. Dia Luain bheiridís an oireadh min-bhuidhe agus fátai leo 's a ndéanfadh ar feadh seachtmhain iad. Bhíodh an-spraoi aca san oidhche ag innseacht sgéalta agus ag ceól dóibh fhéin.- Bailitheoir
- Máire Ní Donnchada
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Micheál Mac Dhonncadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe