Scoil: Cashel (uimhir rolla 11358)

Suíomh:
An Caiseal, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
P. Ó Lochlainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 140

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 140

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cashel
  2. XML Leathanach 140
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Máire Seóige
    Sruth-Shaile, Caiseal, Co. na Gaillmhe
    Ó Seosamh Seóige, Sruth-Sáile, Caiseal, Co. na Gaillimhe
    Seanchus i dTaobh na h-Aimsire
    Tá go leor daoine thart annseo in ann an aimsear dinnsint ó’n grein, ó’n gealaigh, ó’n na realltaibh agus ón néaltaibh agus ó an bhfairrge.
    Nuair atá an ghaoth ag teacht ó’n ó dheas deirtear gur cosamhlacht baistighe í. Inseann feadhghail na gaoithe teacht na stoirme. Nuair atá fáinne timcheall an gealaighe tá baisteach le teacht. Nuair atá fainnleóga ag eitilt go h-íseal tá baisteach ag teacht. Nuair a bhíonn mada ag ithe féir is comhartha baistighe é.
    Súth ag tuitim, an criocan ag seinm go h-árd, agus na leaca ag lonnradh agus dath dearg ar an spéir san oirthear ar maidin, cosamhlacht baistighe said sin uile go léir.
    Nuair atá teach soluis na h-Árainn le feiceál go soiléir uait san oidhce agus nuair a tagann na faoileáin agus na crutaigh isteach is luigheann said ar an dtalamh tá stoirm le teacht.
    Nuair atá bealach na bó Finne trasna na spéire tá aimsear breágh ag teacht. Is droch comhartha é na beacha bheith amuigh san Geimhreadh. Nuair atá sioc bhán ann ar mhaidin tá baisteach ar teacht.
    Nuair atá an spéar bán san taobh ó dheas
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Seóige
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seosamh Seóige
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe