Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tadhg Ó Séaghdha, Máire, Bean Uí Dhuigneáin

Scag na scéalta

Siar
/ 0268 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
An Tulach | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0260

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

Rinne sí slad millteach ar na fataí mar do lobhaidh sí ar fad iad agus tháinig an dubhachán ortha.
Rinne sí slad mór ar móin freisin mar do bhí go leor áiteacha ar an a bhí faoi uisge agus thug sí léithe cuid mhór de'n mhóin.
Bí garrantaí faoi uisge freisin.

Bhí fear ann fadó agus sé an t-ainm a bhí air Seán Baréad. Bhí sé 'na chomhnaidhe leis féin i mbotháinín uaigneach in aice na farraige. Aon lá amháin bh sé th'réis teacht isteach ó'n gcladach agus é fliuch báidhte. Bhain sé dhó a chaipín agus thosuigh sé ag ithe a bhéilidhe. Is gearr 'na dhiaidh sin gur airigh sé torann ag teacht. D'eirigh sé de léim agus rug sé ar an ord. Tháinic an fear ag a' doras agus d'iarr sé cíos teallaigh. Ach sul d'a raibh an focal deireannach ráidhte aige buail Seán Baréad snaidhm de'n ord air, agus mharbhuigh sé é. Níor tháinic aon tighearna teallaigh amach ag iarraidh cíos teallaigh as sin amach.

"Bhí sé ann. Sgilling ar an deatach a bhí ag dul amach a' simléar" - Máire Ní Leainde, Ros a' Mhíl.

Bailitheoir
Mícheál Ó Diolláin
Inscne
fireann
Seoladh
An Chloich Mhór Thuaidh, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Mícheál Ó Diolláin
Inscne
fireann
Teanga
Gaeilge