Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0260

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0260

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach
  2. XML Leathanach 0260
  3. XML “Doineann - Toirneach”
  4. XML “Seán Bairéad agus an Cíos Teallaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Bhí fear ann fadó agus sé an t-ainm a bhí air Seán Baréad. Bhí sé 'na chomhnaidhe leis féin i mbotháinín uaigneach in aice na farraige. Aon lá amháin bh sé th'réis teacht isteach ó'n gcladach agus é fliuch báidhte. Bhain sé dhó a chaipín agus thosuigh sé ag ithe a bhéilidhe. Is gearr 'na dhiaidh sin gur airigh sé torann ag teacht. D'eirigh sé de léim agus rug sé ar an ord. Tháinic an fear ag a' doras agus d'iarr sé cíos teallaigh. Ach sul d'a raibh an focal deireannach ráidhte aige buail Seán Baréad snaidhm de'n ord air, agus mharbhuigh sé é. Níor tháinic aon tighearna teallaigh amach ag iarraidh cíos teallaigh as sin amach.
    "Bhí sé ann. Sgilling ar an deatach a bhí ag dul amach a' simléar" - Máire Ní Leainde, Ros a' Mhíl.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.