Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0261
- XML “Ridire na gCleas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)faitchíos mór air.
Bhí bean ag cáthadh coirce amuigh ar pháirc bhán. D'ísligh sé anuas as an aer agus rinne sé gráinne coirce dhe fhéin.
D'ísligh siad féin ina dhiaidh agus rinneadar dhá chearc dhéag franncach dhíobh féin. Thosuigheadar ag ithe an choirce annsin agus shaoil siad é bheith itte aca acht ní raibh. Bhí siad ag ithe an choirce go raibh siad i ngar do bheith sáthach.
Nuair a cheap seisean go raibh a sáith ithte aca agus nach rabhadar indon morán eile do dhéanamh d'éirigh sé suas agus rinne sé sionnach dhe féin agus bhain sé an cloigeann de'n dá chearc franncach déag agus de'n choileach.
Bhí cead aige dul abhaile ag a athair annsin mar bhíodar uilig marbh aige agus sin deire Ridire na gCleas agus má tá bréag ann bíodh.- Bailitheoir
- Mairghréad Ní Chualáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Chualáin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 93
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe