Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0226
- XML “Aimsir an Ghorta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gcasfaoi bráithlín ar chuid acu acht faraor ghéar bhí an sgéal chomh dona 's nach raibh an bhráithlín féin ag daoine agus caithfidhe síos sa bpoll an corp gan braithlín ná tada.
Is minic a theasbáin mo Mhamó dom áiteacha sa mbaile seo ar cuireadh daoine aimsir a' ghorta. Tá uaigh taobh thiar de theach Stiofáin Mic Donnachadha. "An Fear Caillte" a thugas daoine ar an áit fós féin - "thíos ag a bhfear caillte," "in aice leis an bhFear Caillte" agus mar sin. Créatúr bocht a fuair bás ann agus cuireadh é san áit ar thuit sé - má cuireadh. Is iomdha corp a d'fhágfaidhe gan cur chor ar bith. Tá duine curta i ngarrdha linn féin; Garrdha beag a' bhalla a thugamuid air. Tá uaigheanna ó aimsir a' ghorta freisin thuas ag Caorán na gCapall agus thiar in aice leis an Sruthán Buidhe ar an mBánrain.
Droch-thighthe bhíodh ag na créatúir bochta an t-am úd. Ní bhíodh ionnta ach clocha caithte os cíonn a chéile agus sgraitheacha caithte treasna ortha leis an mbraon a choinneál amach.
Ní bhíodh doirse na fuinneóga ionnta ach beart driseacha in áit a' dorais agus dornán tuighe in áit na fuinneóige.- Bailitheoir
- Sorcha Ní Chualáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Chualáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 93
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe