Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0227

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0227

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach
  2. XML Leathanach 0227
  3. XML “Iolar Chlúmhaigh an Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    na dhiaidh agus bhaineas clumhach go leór di. Féach é faoi an gcrann agus is cinnte mé nár thug sí aon ubhall léithi.
    D'fhéach an ríogh ar an gclúmhach óir. Smaoin sé tamall agus dubhairt sé "Caithfidh mé éan na clúmhaighe sin d'fhághail nó ní bheidh mé i bhfad beó agus an té gheobhfas í beidh mo ríoghacht aige 'mo dhiaidh"
    An lá sin chuir an rí fios ar an gcomhairleóir críona a bhí aige agus 'spáin sé an clúmhach dhó agus d'fhiafruigh sé cé an sórt ean ar fás an clúmhach sin air.
    D'féach an cómhairleóir ar an gclúmhach agus dubhairt D'fás an clumach sin ar éan iongantach. Níl a leithéid le fhághail ar an talamh. Tá dá sheód innte in áit na súl agus is luachmhaire iad ná do ríoghacht agus fásann clúmhach an óir uirthí gach mí san mbliadhain Agus chén áit a bhfuil an t-éan sin le fágháil nó cá bhfuil sí na comhnaidhe arsan rí.
    "Tá sí 'na comhnaidhe ar thaobh sléibhe áird atá sa Spáin. Tá caisleán breágh aice annsin agus is í an bean is áilne san domhan í bíonn sí na mnaoi san lá agus na h-Iolar Clumhaighe an Óir san oidhche."
    "Ní tig liomsa a bheith i bhfad beó" arsan ríogh "muna bhfuighe mé í agus an té bhéarfas chugam í beidh mo ríoghacht aige."
    Bhí an triúr mac ag éisteacht agus dubhairt siad go gcaillfidís a mbeatha nó go bhfuighidís Iolar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0650**: The Strong Youth
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mairghréad Ní Chualáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Nóra Ní Chualáin
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    93
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe