School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0226

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0226

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0226
  3. XML “Aimsir an Ghorta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    gcasfaoi bráithlín ar chuid acu acht faraor ghéar bhí an sgéal chomh dona 's nach raibh an bhráithlín féin ag daoine agus caithfidhe síos sa bpoll an corp gan braithlín ná tada.
    Is minic a theasbáin mo Mhamó dom áiteacha sa mbaile seo ar cuireadh daoine aimsir a' ghorta. Tá uaigh taobh thiar de theach Stiofáin Mic Donnachadha. "An Fear Caillte" a thugas daoine ar an áit fós féin - "thíos ag a bhfear caillte," "in aice leis an bhFear Caillte" agus mar sin. Créatúr bocht a fuair bás ann agus cuireadh é san áit ar thuit sé - má cuireadh. Is iomdha corp a d'fhágfaidhe gan cur chor ar bith. Tá duine curta i ngarrdha linn féin; Garrdha beag a' bhalla a thugamuid air. Tá uaigheanna ó aimsir a' ghorta freisin thuas ag Caorán na gCapall agus thiar in aice leis an Sruthán Buidhe ar an mBánrain.
    Droch-thighthe bhíodh ag na créatúir bochta an t-am úd. Ní bhíodh ionnta ach clocha caithte os cíonn a chéile agus sgraitheacha caithte treasna ortha leis an mbraon a choinneál amach.
    Ní bhíodh doirse na fuinneóga ionnta ach beart driseacha in áit a' dorais agus dornán tuighe in áit na fuinneóige.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Chualáin
    Gender
    Female
    Informant
    Nóra Ní Chualáin
    Gender
    Female
    Age
    93
    Address
    Baile na hAbhann, Co. Galway