Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tadhg Ó Séaghdha, Máire, Bean Uí Dhuigneáin

Scag na scéalta

Siar
/ 0268 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
An Tulach | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0194

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Lá Bealtaine
Siobhán Ní Churraoin do sholáthruigh
Bhí go leór pisreóga nna faoi Lá Bealtaine. Ní chuirtí amach aon bhainne chor ar bith an lá sin, dhá gcuirtí ní bheadh an t-ádh ar na beithidhigh ar feadh na bliadhna aríst.
Oidhche Bealtaine chuirtí ruainne caorthainn ós cionn an dorais ar fhaithchíos go dtiubhfadh na sidheóga na daoine nó na beithidhigh leó.
Chuirtí gad ar láimh an cheaintín a mbíodh an leamhnacht ann Lá Bealtaine ar fhaithchíos godtiubhfadh na sídheóga an bainne leó.
Bhíodh sean-bhean ag gabháil thart fadó ag cruinniúghadh ime Lá Bealtaine agus mara bhfuigheadh sí é deireadh sí go dtiubhradh sí léithe an tim ar fad.
2 ... Áine Ní Fhágharta do chur síos Learaí Ó Biath a d'innis
Lá Bealtaine bíonngo leór pisreóga ag daoine.
Dhá n-eirightheá ar maidin roinnt moch Lá Bealtaine agus dhá dteightheá amach ar an tsráid agus bhreathnughadh do thimcheall ní fheicfeá deatach as aon teach. agus chuimhná ortfhéin go mbíonn posreóga ag daoine indiu gan teine a chur síos go bhfeicfe siad deatach as teac eile mar dhá thú an chéad duine a chuirfeadh síos teine agus deatach a bheith ar an simléar ar an gcéad shimléar ar maidin dearfadh na sean-daoine nach mbeadh an t'ádh ort an bhliain sin. Ní chuireann daoine amach a luaithe an lá sin ach an oiread. A. N. F.

Lá Bealtaine bíonn go leor pisreóga ag daoine.
Dhá n-eirightheá ar maidin roinnt moch Lá Bealtaine agus dhá dteightheá amach ar an t-sráid agus breathnughadh do thimcheall ní fheicfeá deatach as aon teach. Agus chuimhneá ort fhéin go mbíonn pisreóga ag daoine indiu gan teine a chur síos go bfheicfhe siad deatach as teach eile mar dhá thú an chéad dhuine a cuirfheadh síos teine agus deatach a bheith as an simléar ar an gcéad shimléar ar maidin dearfhadh na sean-daoine nach mbeadh an t'ádh ort an bhliain sin. Ní chuireann daoine amach aon luaith an lá sin acht an oiread.

Bailitheoir
Áine Ní Fhágharta
Inscne
baineann
Aois
13
Seoladh
Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Learaí Ó Biaith
Inscne
fireann
Aois
84
Seoladh
Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge