Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0193

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0193

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach
  2. XML Leathanach 0193
  3. XML “Triúr Mac An Rí Agus an Leasmháthair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí rí ann fadó agus phós sé agus bhí triúr mac aige. Cailleadh a bhean agus ba mhaith leis a bheith pósta aríst agus ba mhaith leis freisin gan aon fhios a bheith ag an mbean eile go raibh sé pósta cheana.
    Rinne sé teach agus chuir sé a thriúr mac isteach ann. Annsin phós sé agus bhí bean ar an mbaile agus bhíodh sí ag easgaine i gcomnaidhe ar bhean an ríogh.
    Lá amháin d'fhiafruigh bean an ríogh de'n bhean seo cé'n fáth a raibh sí ag easgaine.
    "Má thugann tú lán mála óir dhom" adeir an bhean "innseóchaid mé dhuit cé'n fáth a bhfuil mé ag easgaine."
    "An bhfuil fhios agad-sa" adeir an bhean "go bhfuil triúr mac ag an rí agus nuair a rachas tú abhaile marbhuigh cearc agus chuir a cuid fola i mbuidéal. Tabhair leat an buidéal go dtí an seomra. Téirigh a chodladh agus leig ort go bhfuil tú tinn. Nuair a thiocfas an ríogh fiafróchaidh sí cá bhfuil a bhean. Déarfaidh na searbhóghantaí go bhfuil sí tinn ar an leabaidh. Tiocfaidh an ríogh go dtí thú agus chomh luath is aireocais tú é ag teacht isteach doras an tseomra chuir braon do'n fhuil in do bhéal. Fiafreóchadh an rí dhíot céard atá ort. Abair thusa go bhfuil tú tinn agus caith amach an fhuil. Fiafróchadh sé annsin an féidir tú a leigheas Abair thusa nach féidir nó go spáinfidh sé dhuit a triúr páistí atá ins an teach sin tháll. Ní bheidh mórán fonn ar an rí iad a'spáint dhuit (ná) acht is fearr leis iad a spáint dhuit ná thú fagháil bás.
    Rachaidh an ríogh go dtí iad agus déarfaidh sé gur mhaith le na bhean iad a feicéal agus déarfaidh sé leis an gcéad mhac gan aon chluiche cartaí a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0953: The Old Robber Relates Three Adventures
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Bolustrom
    Inscne
    Fireann
    Aois
    1166929
    Faisnéiseoir
    Séamus Bolustrom
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe