Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0185

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0185

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach
  2. XML Leathanach 0185
  3. XML “Fios Bháis an An-Scéalaí agus an Claidheamh Solais”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    b'fearr ar Alastrainn. "Cuirim fá geasa tú," adeir an cleasaidhe Ruadh, "gan an darna hoidche a chodlad in aon teach ná an dhá bhiad a ithe ar aon bhord nó go bfuighe tú amach domsa fios bháis an An-sgéalaidhe agus an Claidheamh Soluis."
    Ba é an An-sgéalaidhe athair an Chleasaidhe Ruadh agus an Claidheamh Solais, an duine a mbeadh an Claidheamh sin aige níor b'fhéidir é a mharbhú. D'fill Alastrainn abhaile brónach go leór agus d'innis sé an sgéal dhá bhean go raibh sé fá gheasa ag an gCleasaidhe Ruadh. Níor fhéad Alastrainn an darna h-oidhche a chodladh sa teach agus lá ar na bháireach d'imthigh leis ar a aistear. Thug a bhean srian dhó agus dubhairt leis í sin a chraith' ag doras teach na mbeithidheach agus an chéad bheithidheach a chuirfeadh a chloigeann isteach sa tsrian an diallaid a chur air sin agus ba é an beithidheach ba dona a chuir a cloigeann isteach sa tsrian.
    "A Alastrainn" adeir a bhean, "mara bhfuil tú do mharcac maith tabhair aire dhuit féin. Nuair a thiochfas an beithidheach seo" arsa sise, " i ríoghacht m'athra cuirfidh sé trí sheitreach as fhéin. Cloisfidh an stail atá i ríoghacht m'athra é agus tiocfaidh sé amach in airicis an bhromaigh. Tabhair aire mhaith dhuit fhéin an uair sin nó marbhócha siad eatorra thú," adeir a bhean le Alastrainn.
    D'imthig Alastrainn leis agus nuair a bhí sé ag teacht i ngar do theach an rí chuir an searrach trí sheitreach as. Chuala an stail a bhí ar thalamh an ríogh é. Rith sé amach faoi dhéint an bhromaigh agus is beag nár mharbhuigh an stail agus an bromach Alastrainn. Nuair a chonnaic an rí an bromach d'aithin sé é agus bhí fhios aige gur ag Alastrainn a bhí a inghean.
    Réidhtigheadh fleadh mhór dhó. Annsin d'fhiafruigh Alastrainn de'n rí an raibh fhios aige Fios Bháis an Ain-sgealaidhe agus an Chlaideamh Solais. Níor dhubhairt an rí dada ach thug Alastrainn leis go dtí teach na gcapall. "Tabhair leat an capall seo," arsa seisean, "agus imthigh leat trasna na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Bolustrom
    Aois
    13
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Séamus Bolustrom
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60