School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0184

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0184

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0184
  3. XML “Stail Righin Uí Dhúbhgáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Nuair a bhí sé an píosa sin chuaidh sé in éindigh leis píosa eile agus nr. a bhí sé an píosa sin dubht sé go dtiocfadh sé in éindigh leis ar fad.
    Chuaidh siad go dtí an áit a raibh an stail annsin agus chraith an stail í féin. Bhí cloigíní ar an stail agus chraitheadh sí í féin agus bhuaileadh na cloigíní. Chraith sí í féin an dara h-uair. D’airigh na saighdiúirí í agus ritheadar amach agus í fhaca siad éinne. Bhí barraille breagh sa gcró agus chuaidh an bheirt isteach faoi. Nuair bhí chuile short ciúin aríst chuaidh an beirt na h-édadan aríst. Bhuail na cloigíní aríst agus dubht an Rí go raibh duine eicínt ag goid an stail agus muna bhfuigheadh siad na daoine a bhí ghá ghad go raibh an ceann le cailleadh acu muna bhfuigheadh siad amach iad. Thosuigh siad ag tóraidheacht in ‘ath-uair acht ní raibh siad ag fagháilt aon nduine. Acht bhuail an stail cic ar an mbairille agus fuair na saighdiúirí iad an bheirt faoi. Thug siad isteach annsinn chuig a’ Rí iad. Thug sé isteach annsin i seomra iad agus thosuigh sé ag leaghadh (leámh) luaidhe anuas ortha.
    “’ Raibh tú in aon ghábhadh ariamh níos mó ná an gábhadh sin?” adeir sé leo
    “Bhíos,” adeir a’ sean-fhear, “in gábhadh níos mó ná é acht stop a’ luaidhe agus innseóchaidh mé dhuit:”
    “Bhímse amuigh ar an sliabh oidhche amháin,” adeir sé “agus d’airigh mé an gáire agus an caoineadh istigh i dteach. Chuaidh mé isteach agus bhí bean istigh ag marbhú páirte. D’fhiafruigh mé di cé’n fáth raibh sí ag marbhú an pháirte. Dubht. sí liom go raibh fathach sa teach seo agus gur dhubht sé léi an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0953: The Old Robber Relates Three Adventures
    Language
    Irish
    Collector
    Colm Ó Curraidhin
    Gender
    Male
    Informant
    Micil Ó Curraidhin
    Gender
    Male
    Age
    44
    Address
    Caorán na gCearc Thuaidh, Co. na Gaillimhe