Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tadhg Ó Séaghdha, Máire, Bean Uí Dhuigneáin

Scag na scéalta

Siar
/ 0268 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
Mada Bán na nOcht gCos

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0168

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Áine Ní Fatharta do chuir síos.

Bhí Rí ann fadó agus bhí triúr inghean aige. Ní raibh fios aige cé acu de'n triúr a bhfágfadh sé a ríoghacht aici agus bhí se ag déanamh an t-an.bhuaidheartha doibh. Bhí cathaoir ag an rí a raibh draoidheacht agus duine ar bith a shuidhfeadh is an gcathaoir sin péarbith rud a d'iarrfadh sé bheadh sé le fagháil aige. Bhíodh seomra ag an Rí do'n chathaoir seo i gcomhraide agus bhíodh glas[?] air.
Lá amháin da ndeacha an Rí amach a fiadhach thárla go ndéarna sé dearmad ar an nglar a chur ar an seomra a raibh an chathaoir aige ann. Chuaidh an triúr inghean isteach agus sí an duine ba shine do shuidh ar an gcathaoir ar dtús. D'iarr sise mac Rioghan Domhan Thoir a theacth ghá h-iarradh le pósadh. Shuidh an dara h-inghean sa gcathaoir agus d'iarr sise ar Mac Ríoghan Domhain Thiar a theacht gá h-iarraidh le posadh. Shuid an inghean a b'óige sa gcathaoir agus d'iarr sí ar Mada Bán na hOcht gCos a theacht ghá h-iarraidh le pósadh.
Nr. a tháinic an Rí bhí sé ar dearg bhuile le feirg agus faoi cheann dhá lá 'na dhiaidh sin tháinic Mac R. an D. Thoir agus bhuail sé ar an doras acu. Dubht. sé a bhean a chur amach chuige. 'Śi an inghin a b'óige a chuirfeadh amach chuige. Dubht. sé nárbh' shin í a bhean agus b'eigean dóibh an inghin ba sise, a bhean féin, do chur amach chuige. D'imthigh leis an mbeirt acu ann sin.
Lá'r na mháireach tháinic mac R. an D. Thiar. Bhuail sé

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Áine Ní Fhatharta
Inscne
baineann
Aois
18649
Faisnéiseoir
Tomás Ó Fatharta
Inscne
fireann
Aois
20
Seoladh
Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge