Áine Ní Fatharta do chuir síos. Bhí Rí ann fadó agus bhí triúr inghean aige. Ní raibh fios aige cé acu de'n triúr a bhfágfadh sé a ríoghacht aici agus bhí se ag déanamh an t-an.bhuaidheartha doibh. Bhí cathaoir ag an rí a raibh draoidheacht agus duine ar bith a shuidhfeadh is an gcathaoir sin péarbith rud a d'iarrfadh sé bheadh sé le fagháil aige. Bhíodh seomra ag an Rí do'n chathaoir seo i gcomhraide agus bhíodh glas aige air. Lá amháin da ndeacha an Rí amach a fiadhach thárla go ndéarna sé dearmad ar an nglar a chur ar an seomra a raibh an chathaoir aige ann. Chuaidh an triúr inghean isteach agus sí an duine ba shine do shuidh ar an gcathaoir ar dtús. D'iarr sise mac Rioghan Domhan Thoir a theacth ghá h-iarradh le pósadh. Shuidh an dara h-inghean sa gcathaoir agus d'iarr sise ar Mac Ríoghan Domhain Thiar a theacht gá h-iarraidh le posadh. Shuid an inghean a b'óige sa gcathaoir agus d'iarr sí ar Mada Bán na hOcht gCos a theacht ghá h-iarraidh le pósadh. Nr. a tháinic an Rí bhí sé ar dearg bhuile le feirg agus faoi cheann dhá lá 'na dhiaidh sin tháinic Mac R. an D. Thoir agus bhuail sé ar an doras acu. Dubht. sé a bhean a chur amach chuige. 'Sí an inghin a b'óige a chuirfeadh amach chuige. Dubht. sé nárbh' shin í a bhean agus b'eigean dóibh an inghin ba sise, a bhean féin, do chur amach chuige. D'imthigh leis an mbeirt acu ann sin. Lá'r na mháireach tháinic mac R. an D. Thiar. Bhuail séBrian Ó CearbhaillLuke Cregan