Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chúl a chinn ins an ngealach bíonn stoirim air.
Oidhche chiúin agus na néalta ag lonnrú go deas bíonn sioc air. Nuair a bhíonn na réaltóga ag tuitim bíonn gaoth adtuaidh air. Bíonn na sgamaill ann le gaoith agus le báisteach, sgaitthe bíonn an bogha leac ann le h-aimsir dona. Nuair bhíos an ghealach leath-báidhte bíonn
droch-aimsir air. Gaoth adtuaidh, sioc, gaoth andeas, báisteach, agus má bhíonn an ghaoth ag athrú go minic ní bhíonn an aimsir socruighthe. Gaoth anoir-ndeas an ghaoth is mó a bhéarfas báisteach chugainn Nuair a bhíonn na h-éanlaith ag eitil go h-árd bíonn aimsir bhreágh air agus nuair abhíonn siad ag eiteal isteach ón bhfairrge aimsir bhreágh. Dhá mbeadh na cearca dhá bpiocadh féin bheadh báisteach air agus freisin dhá mbeadh druideacha ag tigheacht in aice an tighe bheadh sneachta air. An cat in aice na teine báisteach Má bhíonn an cat ag sgríobadh an dorais taobh istigh gaoth adtuaidh a bhéas ann agus má bhíonn sé ag sgríobadh an dorais taobh amuigh gaoth andeas a bhéas air, agus má bhíonn a tóin leis an teine beidh sioc air. Nuair a bhíonn an mada ag ithe féir beidh sioc ann. Na caoirigh ag teacht lé chéile ar an sliabh comhartha aimsir bhreágh deirtear(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairghréad Nic Cualáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Colm Ó Cualáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe