Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0124

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0124

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach
  2. XML Leathanach 0124
  3. XML “Laethanta Áirithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Laethanta Áirirthe
    Ní tosuightear ar aon obair lá crosta na bliadhna sin trí lá tar éis lá nodlag, cuir i gcás, Dia Máirt i mbliadhna (1938), ní thosóiadh daoine aon obair ar an nuaidh Dia Máirt.
    Thosóchadh daoine obair nua lá ar bith ach Dia Sathairn. " Tosuigh ar do chuid oibre Dia hAoine agus sodar fút go mbeidh sé déanta." Ní maith le daoine airithe posadh Dia Céadaoin ná Dia Domhnaigh.
    " Pósadh Domhnaigh pósadh brónach"
    " Dia Luain soir, Dia Máirt siar
    Agus Dia Céadaoin eatarra.
    Diardaoin sonaidhe soir nó siar" ( ag déanamh cleamhnais)
    lá buidhe bealtaine bíonn duine ag críochnú na bhfataí. Fataí cuaiche fataí ar bith a curtar ar sin amach.
    Lá Bealtaine ní maith le na daoine im a chur amach. Tá daoine nach dtiubhfadh splannc uatha ar chor ar bith an lá sin.
    Cuireann daoine gad féileóige ar láimh cheaintín na leamhnachta lá Bealtaine. Bhí cuimse mór pisreóga ag na sean-daoine - i dtaobh lá Bealtaine.
    Láil ' sin Seáin lá eile atá go mór i gceist againn anseo. Oíche 'l' sin Seáin bíonn an teine cnáimh againn. Bíonn liathróidí lasta dá gcaith ' san aer ag na buachaillí óga. Bíonn sean is óg cruinnithe timcheall na teineadh. Amannta deireann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mairghréad Ní Chualáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Nóra Ní Cúláin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    93
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Culáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe