Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0123
- XML “Seanscoileanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean SgoileannaMairghréad Ní Chualáin do sgríobh síos.Ó mo shean-mháthair Nóra Ní Chualáin (93) a fuair mé an seanchus seo.
Bhí ceathair nó cúig de sgoileanna thart annseo fadó timcheall ceithre sgóir bliadhanta ó shoin. Bhí ceann in aice le Sgoil na Tullaighe in áit atá Teaimín anois. Sgoláire bocht a bhí ag múineadh ins an Sgoil sin. Ní raibh aon teach áirithe ag an sgoláire bocht. Bhíodh sé aon oidhche amhain i n-éindigh le gach sgoláire agus mar sin a bhí se ag maireachtáil.Ní mhúineadh sé aon ádhbhar ins an sgoil acht Béarla agus bhíodh cláirín beag faoi na smig, ar a dtugaidís Taillí ag na páistí ar fhaithchíos go labharfadh siad aon focal Gaedhilge. Dá labhradh chuirfidhe eangadh ar an tally dóibh agus buailfidhe san sgoil agus sa mbaile iad. Dá gcloisteadh an máighistir iad ag labhairt Gaeilge bhuailfeadh sé go maith iad.Ní bhíodh aon leabhar acu acht aon leabhairín bheag amháín "Primer" a thugaidís uirthi agus ní bhíodh aon rud acu le scríobh air acht slinnte.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairghréad Ní Chualáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Chualáin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 93
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe