Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0163
- XML “Cuan an Fhir Mhóir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an bheirt acht dul amach sa 'Dairy' a bhí ag an tíoránach agus a ndóthain bainne a ól. Nuair a bhí an bainne ólta aca ghearradar talamh ar ais go dtí a mbáidín arís mar bhí fhios aca go maith gur ghearr go mbeadh an tóir ina ndiaidh.
Thugadar a n-aghaidh ar Chonamara arís agus bhí cóir réasúnta aca ag teacht amach. Nuair tháinic an Tíoránac abhaile d’innis an cailín aimsire an sgéal dó agus lean sé féin agus triúr eile an bád le currach agus tháinigeadar suas leis an mbád i mbéal an chuain o thuaidh díreach ó Árainn. Shíl an Tíoránach mór a dhul de léim ar bhord sa mbáidín seóil acht sgiorr sé agus cuireadh sa bhfairrge é. Báitheadh ar an bpoinnte é. Tugadh Cuan an Fhir Mhóir ar an gCuan ariamh ó shoin.- Faisnéiseoir
- Stiophán Ó Flaithbhearta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe