Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)

Suíomh:
Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig Ó Heidhin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0157

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0157

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doireadh
  2. XML Leathanach 0157
  3. XML “Baile na nDoireadh in Aimsir an Ghorta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ins na Doireadh agus dubhairt siad "Tá do mháilín agat indiu a Bhuachaillín". "Tá" arsa Buachaillín. Acht rinneadh an mála spiadóireacht air mar fríothadh amach nach raibh Buachaillín ag iarraidh an min-bhuidhe chor ar bith. Thóg na Póilí Buachaillín acht ba ghearr gur éaluigh sé uatha agus níor fríothadh táisg ná tuairisg air ó shoin. Tá lorg na fola ar na clocha agus ar na sgraitheacha atá timcheall ar an áit a mharbhuigh Buachaillín an buachaill beag.
    Bhí teach eile i gClaidhneach a raibh sugha-feóla dá roinnt amach ar na daoine acht ní bhfuigheadh aoinne é mara dtiúbhraidís leo a gclann ar fad. Bhíodh na daoine ag tabhairt a gclann leo go dtí an teach seo ar chaiple agus an té nach raibh capall aca bhíodh orra iad a thabhairt leo i gcléibhte ar a ndruim.
    Cailleadh fear eile as na Doireadh leis an ocras in Aimsir an Ghorta agus cuireadh é in Uachtar Árd mar nach raibh aon roilig níos
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Beartla Ó Conghaola
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 60
    Seoladh
    Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe