Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0148a
- XML “An Battery”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a chaithfí na h-urchair leis agus mar sin níor mhór an taobh ó dheas a bheith ana-láidir in agaidh urchair dá dtagadh aon long chogaidh ar an gCuan. Tá doras árd ó thuaidh suas le ocht dtroighthe ó'n talamh. Tá dhá fhuinneóig air agus ráillí iarainn treasna ionnta mar nach bhféadfadh aon duine a dhul isteach ionnta.
Tá leachta cloch suas go dtí an doras mar bíonn daoine ag dul isteach ann ag breathnú air. Tá bollta iarainn treasna in íochtar an dorais agus d'fhéadfá breith air agus tú féin a tharrainght suas agus a dhul isteach ann. Nuair a bheitheá san doras d'fhéadfeá an t-ionghantas isteach uait. É an-chruinn ós do chionn agus é an doimhin síos fút agus moirtéal caitthe ar an urlár. D'fheicfeá seomra roinnt beag isteach uait ar a dtugtaí an 'Blackhole' agus thall ar t-aghaidh fuinneóig isteach san mballa agus nuair a thiocfá isteach san bhfuinneóig sin bheadh staighre casta romhat le dul(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Colm Ó Maoil Eoin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tóin an Chnoic, Co. na Gaillimhe