Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a iarraidh gheobhfadh sé é sin. Thug sé cead do na h-ingheanacha a dhul in gach seomra acht ins an seomra seo. Lá amáin chuaidh sé ag fiadhach agus níor chuimnigh sé an ghlas a chur ar an seomra a raibh an chathaoir seo innte.
Nuair a fuair na h-ingheanacha imthighthe é chuaidh siad isteach ins an seomra seo. Shuidh an inghean ba shine ins an gcathaoir agus d'iarr sé [!] ar mhac Rí an Domhain Thoir a theacht agus é dá h-iarraidh agus é dhá fágháil lé pósadh. Shuidh an darna h-inghean ins an gcathaoir agus d'iarr sí ar mhac Rí an Domhain Thiar a theacht aca dhá h-iarraidh agus é dá fhágháil. Dubhairt siad leis an triomhadh inghean suidhe ins an gcathaoir agus dubhairt sise nach suidhfead agus dubhairt an bheirt eile léi go marbóchaidís í mar a shuidhfead sí ins an gcathaoir mar go bé an chaoi a raibh sí ag dul ag innseacht dhá h-athair orra féin agus annsin go mbeadh sé le n-innseacht ar an triúr aca.
Shuidh sí ins an gcathaoir agus sé an impighe a d'iarr sí ná mada Ruadh na Coille Glaise a theacht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máirtín Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 54
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Baile Láir, Co. na Gaillimhe