Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0123
- XML “Mac an Rí is a Dheirfiúr”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aríst indiu. Marbóchaidh tú an páiste anocht, agus cuirfidh mé geall leat go gcaithfidh sé an deirbhshiúr a dhíbirt amáireach" adeir sí.
Rinne an bhean mar dubhairt an chailleach leí agus nuair a d'eirigh an Rí ar maidin fuair sé a pháiste marbh. Níor labhair sé acht d'imthigh sé féin agus an deirbsiúr aríst an lá seo agus nuair a bhíodar píosa ó'n teach dubhairt sé léi go gcaithfeadh sé í a mharbhúghadh mar gur mharbhuigh sí féin a chapall, a choileachín ruadh, a chú agus a pháiste. "Ó, a dhearbhráthair" adeir sí "ní mise a mharbhuigh do chapall, agus ní mé a mharbhuigh do chú, agus ní mé a mharbhuigh do choileachín ruadh, agus ní mé a mharbhuigh do leanbh, acht dealg-sgeiche go dtéighidh in do chois agus nár bhainidh aon dhuine as é go mbainidh mise le mo dha láimh fhéin as é". "Acht adeir sí "bain díom an dá láimh agus fág dí-bheó mé". Bhain. "Crop mo chuid gruaige agus cuir biorán innte". Chrop, agus annsin dimthigh sé leis abhaile agus é buadhartha go leór.
Dimthigh an deirbhsiúr agus ba ghearr gur phós sí. An fear a bhí pósta aice(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire an Fhéich, Co. na Gaillimhe